Aidhmeanna don Ghaeilge i gColáiste Pobail, Ros Comáin

  • Go gcuirfí béim ar an litearthacht agus ar an uimhreacht sna ranganna Gaeilge.
  • Go mbeadh leanúnachas do dhaltaí ó shiollabas na bunscoile go siollabas an Teastais Shóisearaigh chun go bhféadfaí gach a bhfuil sealbhaithe acu a leathnú, a dhoimhniú agaus a bhuanú ionas gur féidir leo tabhairt faoishiollabas na h-Ardteiste le féin-mhuinín.
  • Go dtabharfaí aitheantas sa teagasc agus sa mheasúnú do na scileanna teanga:- labhairt, éisteacht, léamh, scríobh.
  • Go n-aithneofaí cúlraí agus cumais éagsúla na ndaltaí.
  • Go ndéanfaí gach iarracht cumas labhartha na ndaltaí a fheabhsú tríd an gcur chuige cumarsáideach.

 

Córas Nua i Measúnú na Gaeilge ó 2012 i Leith

An Ardteistiméireacht

Méadófar na marcanna don bhéaltriail ag an Ardleibhéal agus ag an nGnáthleibhéal i scrúdú na

hArdteistiméireachta ó 25% go dtí 40%. Laghdófar na marcanna don chluastuiscint go dtí 10%

ag an Ardleibhéal agus ag an nGnáthleibhéal araon agus bronnfar 50% de mhóriomlán na

marcanna ar na páipéir scríofa. Ag an mBonnleibhéal i scrúdú na hArdteistiméireachta, méadófar na marcanna don bhéaltriail Ghaeilge ó 25% go dtí 40%. Laghdófar na marcanna don chluastuiscint ó 30% go dtí 20%, agus bronnfar 40% de na marcanna ar an bpáipéar scríofa.

 

An Teastas Sóisearach

Beidh feidhm leis na hathruithe chomh maith sa Teastas Sóisearach mar a leanfaidh an

bhéaltriail Ghaeilge mar scrúdú scoilbhunaithe roghnach. I gcás bhéaltriail an Teastais

Shóisearaigh, déanfar na marcanna a dhúbailt ó 20% go dtí 40%. Laghdófar na marcanna don

chluastuiscint go dtí 10% agus bronnfar 50% de na marcanna ar an bpáipéar/na páipéir scríofa.

Sa chás nach reáchtáltar béaltriail ar bith, bronnfar na marcanna ar bhonn an pháipéir/na

bpáipéar scríofa agus na cluastuisceana amháin.

Toipicí sa Teastas Sóisearach

  • An dalta féin
  • An scoil agus ábhair staidéir
  • Caitheamh aimsire
  • An teach
  • Bia agus deoch
  • Laethanta saoire
  • Eagrais atá sa cheantar
  • Seirbhísí eile sa cheantar
  • Siopaí agus siopadóireacht
  • Postanna agus slite beatha
  • An tuath agus cúrsaí feirmeoireachta
  • Tionsclaíocht eile sa cheantar
  • Cúrsaí airgid agus coigiltis
  • Eadaí agus faisean
  • An corp, sláinte agus tinneas
  • Timpistí agus dainséar
  • Cúrsaí reatha áitiúla
  • An aimsir agus cúrsaí aimsire
  • Ábhair eile ina gcuireann siad féin suim faoi leith