Irish
Aidhmeanna don Ghaeilge i gColáiste Pobail, Ros Comáin
- Go gcuirfí béim ar an litearthacht agus ar an uimhreacht sna ranganna Gaeilge.
- Go mbeadh leanúnachas do dhaltaí ó shiollabas na bunscoile go siollabas an Teastais Shóisearaigh chun go bhféadfaí gach a bhfuil sealbhaithe acu a leathnú, a dhoimhniú agaus a bhuanú ionas gur féidir leo tabhairt faoishiollabas na h-Ardteiste le féin-mhuinín.
- Go dtabharfaí aitheantas sa teagasc agus sa mheasúnú do na scileanna teanga:- labhairt, éisteacht, léamh, scríobh.
- Go n-aithneofaí cúlraí agus cumais éagsúla na ndaltaí.
- Go ndéanfaí gach iarracht cumas labhartha na ndaltaí a fheabhsú tríd an gcur chuige cumarsáideach.
An Teastas Sóisearach
Beidh feidhm leis na hathruithe chomh maith sa Teastas Sóisearach mar a leanfaidh an
bhéaltriail Ghaeilge mar scrúdú scoilbhunaithe roghnach. I gcás bhéaltriail an Teastais
Shóisearaigh, déanfar na marcanna a dhúbailt ó 20% go dtí 40%. Laghdófar na marcanna don
chluastuiscint go dtí 10% agus bronnfar 50% de na marcanna ar an bpáipéar/na páipéir scríofa.
Sa chás nach reáchtáltar béaltriail ar bith, bronnfar na marcanna ar bhonn an pháipéir/na
bpáipéar scríofa agus na cluastuisceana amháin.
Toipicí sa Teastas Sóisearach
- An dalta féin
- An scoil agus ábhair staidéir
- Caitheamh aimsire
- An teach
- Bia agus deoch
- Laethanta saoire
- Eagrais atá sa cheantar
- Seirbhísí eile sa cheantar
- Siopaí agus siopadóireacht
- Postanna agus slite beatha
- An tuath agus cúrsaí feirmeoireachta
- Tionsclaíocht eile sa cheantar
- Cúrsaí airgid agus coigiltis
- Eadaí agus faisean
- An corp, sláinte agus tinneas
- Timpistí agus dainséar
- Cúrsaí reatha áitiúla
- An aimsir agus cúrsaí aimsire
- Ábhair eile ina gcuireann siad féin suim faoi leith