Aidhmeanna don Ghaeilge i gColáiste Pobail, Ros Comáin

  • Go gcuirfí béim ar an litearthacht agus ar an uimhreacht sna ranganna Gaeilge.
  • Go mbeadh leanúnachas do dhaltaí ó shiollabas na bunscoile go siollabas an Teastais Shóisearaigh chun go bhféadfaí gach a bhfuil sealbhaithe acu a leathnú, a dhoimhniú agaus a bhuanú ionas gur féidir leo tabhairt faoishiollabas na h-Ardteiste le féin-mhuinín.
  • Go dtabharfaí aitheantas sa teagasc agus sa mheasúnú do na scileanna teanga:- labhairt, éisteacht, léamh, scríobh.
  • Go n-aithneofaí cúlraí agus cumais éagsúla na ndaltaí.
  • Go ndéanfaí gach iarracht cumas labhartha na ndaltaí a fheabhsú tríd an gcur chuige cumarsáideach.

An Teastas Sóisearach

Beidh feidhm leis na hathruithe chomh maith sa Teastas Sóisearach mar a leanfaidh an
bhéaltriail Ghaeilge mar scrúdú scoilbhunaithe roghnach. I gcás bhéaltriail an Teastais
Shóisearaigh, déanfar na marcanna a dhúbailt ó 20% go dtí 40%. Laghdófar na marcanna don
chluastuiscint go dtí 10% agus bronnfar 50% de na marcanna ar an bpáipéar/na páipéir scríofa.
Sa chás nach reáchtáltar béaltriail ar bith, bronnfar na marcanna ar bhonn an pháipéir/na
bpáipéar scríofa agus na cluastuisceana amháin.

Toipicí sa Teastas Sóisearach

  • An dalta féin
  • An scoil agus ábhair staidéir
  • Caitheamh aimsire
  • An teach
  • Bia agus deoch
  • Laethanta saoire
  • Eagrais atá sa cheantar
  • Seirbhísí eile sa cheantar
  • Siopaí agus siopadóireacht
  • Postanna agus slite beatha
  • An tuath agus cúrsaí feirmeoireachta
  • Tionsclaíocht eile sa cheantar
  • Cúrsaí airgid agus coigiltis
  • Eadaí agus faisean
  • An corp, sláinte agus tinneas
  • Timpistí agus dainséar
  • Cúrsaí reatha áitiúla
  • An aimsir agus cúrsaí aimsire
  • Ábhair eile ina gcuireann siad féin suim faoi leith
Welcome to Roscommon Community College
Privacy Overview

This website uses cookies so that we can provide you with the best user experience possible. Cookie information is stored in your browser and performs functions such as recognising you when you return to our website and helping our team to understand which sections of the website you find most interesting and useful.